Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
Fáilte ón Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Gníomhach PDF Priontáil R-phost
 
 
 
Image Tá Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar cheann de na coistí is láidre agus is mó de na 33 Coistí Gairmoideachais ar fud na tíre. Is é an chúram reachtúil atá ag an Choiste ná oideachas dara leibhéil, oideachas leanúnach, oideachas breise, aosaigh agus pobail (agus comhcheangailte) a sholáthar do mhuintir Chontae Dhún na nGall. Ar bhonn geografach, síneann cúram an Choiste ó Mhálainn ó thuaidh go Bun Dobhráin sa taobh ó dheas, Árainn Mhór agus Toraigh san iarthar agus An Charraig san iardheisceart. Tá Dún na nGall suntasach sa mhéid is go bhfuil an Chontae ag críocantacht leis an Aigeán Atlantach ar an taobh thiar, le contaetha Dhoire, Fhear Manach agus Thír Eoghain sa taobh thoir agus le Contae Liatroma ar an taobh ó dheas agus gan ach teorainn de 20 ciliméadar ag an Chontae leis an Stát.
 
Cuireann an Coiste réimse leathan de sheirbhísí oideachasúla ar fáil sna ceantair seo. I measc na seirbhísí oideachasúla sin, tá oideachas dara leibhéal lánaimseartha ar fáil i 15 Scoil/Coláiste Iar-bhunoideachais, Oideachas Lasmuigh ar fáil in Ionad Eachtraíochta Ghartain, sé cinn d’ionaid, atá dírithe go hiomlán ar Thraenáil & Oideachas Aosaigh, lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud an Chontae, Ionad Traenála i Leitir Ceanainn do dhaoine fásta ón Lucht Siúil agus soláthar curtha ar fáil do dhaoine fásta i mórán scoileanna agus ionaid pobail.
 
Image
Fríd a Chlár um Sheirbhísí don Óige, tugann an Coiste tacaíocht do Grúpaí Ógra Deonacha, Tionscadail Áitiúla don Óige agus Seirbhísí don Óige ar mhaithe le cláracha oideachais, forbraíochta agus caitheamh aimsire a chur ar fáil don aos óg.
 
Ní hamháin go gcuirtear oideachas páirtaimseartha ar fáil do dhaoine fásta i scoileanna agus ionaid éagsúla, cuireann an Coiste cláracha san oideachas bunúsach agus seirbhís litearthachta ar fáil fosta agus tugann siad tacaíocht do thionscnaimh in oideachas pobail ar fud an Chontae. I measc na gcláracha/seirbhísí eile, tá an Scéim Ógtheagmhála, nó Youthreach, Scéimeanna Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS), Tionscnaimh um Filleadh ar an Oideachas (BTEI), agus tá Seirbhís Treorach in Oideachas Aosaigh a sholáthar i Leitir Ceanainn agus i gceithre Ionad For-rochtana pobalbhunaithe.
 
I mí na Samhna 2005, cheiliúr an Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall 100 bhliain ag soláthar seirbhisí oideachais agus oiliúna do phobail an Chontae. Seo iad na trí príomhtéama a bhain leis an gcomóradh sin:
 
  • Súil siar ar an t-am a chuaigh thart,
  • Ceiliúradh ar an am i láthair,
  • Ag crúthú an todhchaí,
D’fhoilsigh an Coiste leabhar ar stair an Choiste ó 1905 don ócáid.
 
Tá Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall lándáiríre fá sheirbhísí oideachasúla agus seirbhísí gaolmhara den chaighdeán is airde agus atá bunaithe ar Chomhpháirtíocht, a chur ar fáil le freastal ar riachtanaisí oideachais na bpobal i nDún na nGall.
 
Tá súil agam go mbeidh an méid a bhfuil d’eolas ar an suíomh idirlíne seo ina chuidiú agat.
 
 
Image
Máire Áine Uí Chatháin
Príomhoifigeach feidhmiúcháin Gníomhach