Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
Oideachas Dara Leibhéal PDF Priontáil R-phost

   

Tá 15 scoileanna agus coláistí iar-bhunoideachais sa Chontae faoi bhainistiú agus riaracháin Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall. Is í príomhaidhm an Oideachais Dara Leibhéal ná timpealleacht foghlama iomlánaíoch a sholáthar chun gach mac léinn a ullmhú don ardoideachais/breisoideachais nó díreach isteach san áit oibre, le na scileanna riachtanach chun a bheith ina saoránach gníomhach sa shocaí dhaonlathach.


San Oideachais Dara Leibhéal tá Sraith Sóisearach thar téarma trí bhliain agus in dhiaidh sin an Sraith Sinsearach thar téarma de dhá nó trí bhliain, ag brath ar rogha na hIdirbhliana. De gnáth, téann mic léinn i gceann a gcúrsa ag aois 12 bliain. Iar chríochnú na dtrí mbliana, déantar Scrúdú Stáit ar a dtugtar An Teastas Sóisearach.  Is í an phríomhaidhm atá ag an Sraith Shóisearach ná go gcuirfeadh mic léinn i gcrích cúrsaí staidéir atá leathan, cothrom agus cuimsitheach in éagsúlacht réimsí curaclaim, a chuirfeas ar a gcumas dul ar aghaidh chuig oideachas na Sraithe Sinsearaí.
    

Is é rogha na hIdirbhliana ceann de na nuála is mó a tharla in Oideachas na hÉireann agus is rogha é anois atá daingnithe laistigh den chóras. Tagann an rogha seo díreach i ndiaidh na Sraithe Sóisearaí agus cuireann sí deis ar fáil do mhic léinn taithí a fháil ar réimse leitheadach d’ionchuir oideachasúla, taithí oibre san áireamh, thar thréimhse bliana atá saor ó scrúduithe fhoirmeálta. Tá sé mar aidhm ag an Idirbhliain oideachas saoil a thabhairt do mhic léinn, le béim ar fhorbairt phearsanta, feasacht shóisialta agus scileanna beatha.

  
Is é scrúdú traidisiúnta na hArdteistiméireacht, atá bunaithe le fada an lá, an scrúdú deiridh den iar-bhunoideachais agus a dhéanann mic léinn nuair atá siad thart fá 17 nó 18 bliain d’aois. Tá 34 ábhar ar fáil sa churaclam. Tá na hábhair go léir ar fáil ag dhá leibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal. Tá bonnleibhéal ar fáil fosta i nGaeilge agus i Matamaitic. Caithfidh mic léinn atá ag déanamh staidéir ar Chlár traidisiúnta na hArdteisiméireachta cúig ábhar ar a laghad a dhéanamh agus ní mór don Ghaeilge a bheith ar cheann díobh sin.

  
Is éard atá i nGairmchlár na hArdteistiméireachta ná idirghabháil atá deartha ar mhaithe le híomhá níos fearr a thabhairt do ghné ghairmiúil na hArdteisiméireachta traidisiúnta. Cuireadh tús leis an chlár seo sa bhliain 1994 mar fhreagra ar an dúshlán a bhí os coinne córas oideachais na hÉireann de bharr na n-athruithe a bhí ag teacht ar chomhshaol oibre agus gnó. Mar gheall ar a bhéim ard ar ábhair ghairmiúla, meallann sé maoiniú ó Chiste Sósialta na hEorpa.  Caithfidh mic léinn a roghnaíonn Gairmchlár na hArdteisiméireachta staidéar a dhéanamh ar chúig ábhar de chuid na hArdteistiméireachta, ina measc dhá ábhar ó thacar ar leith d’ábhair ghairmiúla, cúrsa aitheanta i dteanga nua-aimseartha Eorpa agus an dá Mhodúl Ceangail. Rinneadh na Modúil Ceangail a athbhreithniú sa bhliain 2002: Ullmhú do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontair.

  
Tugadh an clár don Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) isteach sa bhliain 1995. Is cúrsa glanscartha dhá bhliain é atá dírithe ar an duine féin, cúrsa ina n-úsáidtear cur chuige traschuraclam seachas struchtúr ábharbhunaithe. Is é an príomhchuspóir atá aige ná na rannpháirtithe a ullmhú don tsaol fásta agus don tsaol oibre a bhuí do eispéireas ábhartha foghlama a dhéanann forbairt ar na réimsí seo a leanas de streachailt an duine: spiordálta, intleachtach, sóisialta, mothúchánach, aestéitiúil agus fisiceach. Sa chlár don Ardteistiméireacht Fheidhmeach, déantar roinnt modúl a ghrúpaíl le chéile faoi trí cheannteideal ginearálta: Oideachas Ginearálta, Gairmoideachas agus Ullmhúchán Gairmiúil.
 

 
< Roimhe   Céad Eile >