|
Ionad Eachtraíochta Ghartán |
|
|
|
| Ionad Eachtraíochta Ghartán, suite ar 87 acra i lár Dhún na nGall. | Tá Ionad Eachtraíochta Ghartán lonnaithe i bhfoirgneamh athchóirithe cloiche atá suite ar bhruach Loch Gartán álainn i Mín an Lábáin, Co. Dhún an nGall. San am a chuaigh thart, ba ann a bhí na stábláí agus na foirgnimh feirme a bhí ag gabháil le Teach Loch Bheithe. Tá an t-ionad suite ina eastát féin, ina bhfuil 87 acra, agus eagraítear gníomhaiochtaí éagsúla ar an loch agus ar talamh. Níl le déanamh ach turais an-ghairid le tairbhe agus pléisiúr a bhaint as ár gcósta galánta agus as ár gcuid cnoc garbh. Bíonn cúrsaí ar siúl ar fud Dhún na nGall agus ar fud na hÉireann agus corruair níos faide ar shiúl. I rith na bliana, freastalaíonn na cláracha gníomhaíochta go léir ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair, ar feadh seachtaine nó ar feadh deireadh seachtaine, ar bhunús cónaithe nó neamh-chónaithe. | Cláracha ar Tairiscint | Sonraí | Oideachas Allamuigh | Do scoileanna, coláistí agus institiúidí eile oideachais, agus do ghrúpaí óige. Bíonn gach cúrsa curtha i oiriúint don ghrúpa a bheas á úsáid chun a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna atáthar a lorg.
| Cúrsaí Laetha Saoire
| Cúrsaí laetha saoire, ina ndéantar gníomhaíocht amháin nó níos mó, curtha in oiriúint do riachtanais na rannpháirtithe. | Saoire Siúlóidí | Siúlóidí éagsúla chuig cnoic, gleannta agus ceantair chósta Dhún na nGall
| Oiliúint agus Measúnacht Cáilíochta | Oiliúint agus measúnachta do Theagascóirí & Ceannairí, de réir Siollabas & Critéir an Bhoird Rialaithe Náisiúnta. | Forbairt Bainisteoireachta agus Cumasú Foirne | Cúrsaí allamuigh atá deartha go cúramach chun riachtanais do chomhlachta a shásamh.
|
Teach an Bháid Tosaíodh ar thógáil Theach an Bháid ag Loch Bheithe i mí Dheireadh Fómhair 2004 agus osclaíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2005. Tá áit san fhoirgneamh seo d’áirithintí lae, agus tá siopa caifé ann fosta do chuairteoirí chuig an eastát. Lena chois sin, tá córas coire bithmhaise san fhoirgneamh, mar thús ar chórais fuinnimh inbhuanaithe sa dóigh nach mbeidh gá a bheith ag brath oiread ar bhreoslaí iontaise. San am i láthair, tagann tuairim is 6,000 duine, idir óg agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin, go hIonad Eachtraíochta Ghartán gach bliain, agus tá an uimhir sin ag méadú i gcónaí. Cliceáil anseo faoi choinne Féilire na gCúrsaí, 2009 Cliceáil anseo faoi choinne tuilleadh eolais.
|