|
Polasaí Úsáide Idirlín agus Líonraí, 2003 Tá sé mar chuspóir príomha ag acmhainní ríomhaireachta agus líonra Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall tacú le seirbhísí oideachasúla, oiliúna agus seirbhísí eile agus iad a fheabhsú. San áireamh sna hacmhainní seo tá crua-earraí, bogearraí, cuntais úsáideoirí, agus líonra achair logánta maraon le seirbhísí a fhaightear ar an idirlíon. Molann Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall dá bhaill foirne agus mic léinn na hacmhainní seo a úsáid ar dhóigh a chuideoidh lena gcuid oibre, oideachais agus oiliúna. Is teicneolaíochtaí cumasúcháin an-chumhachtach atá sna acmhainní ríomhaireachta agus líonra le heolas agus faisnéis a fháil agus a sheachadadh. De thairbhe gur teicneolaíochtaí straitéiseacha iad do riachtanais reatha agus riachtanais an todhchaí do Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall siocair go gcuireann na teicneolaíochtaí sin ar chumas daoine eolas a fháil agus a chóipeáil ó chianfhoinsí, caithfidh úsáideoirí urraim a bheith acu do chearta dhaoine eile, urraim a bheith acu d’iomláine na gcóras agus na hacmhainní fisiceacha a bhaineann leo, agus cloí leis na dlíthe, rialacha, rialacháin agus oibleagáidí conarthacha ábhartha go léir. Ina measc seo, áirítear iomlán na rialachán agus na bpolasaithe atá i bhfeidhm ag Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall i láthair na huaire. Baineann an polasaí seo le gach uile bhall foirne agus mac léinn de chuid Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall mar aon le daoine ar bith eile a bhfuil cead acu ríomhairí agus acmhainní líonra an Choiste a úsáid, cibé rialaithe go haonaracha nó roinnte, ríomhaire saorsheasamh nó ríomhaire líonra. Baineann an polasaí fosta le gach uile ríomhaire agus áiseanna líonra atá rialaithe nó faoi chonradh ag Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall, ina measc ríomhairí pearsanta, stáisiúin oibre, freastalaithe, trealamh cumarsáide chomh maith leis na forimeallaigh agus bogearraí a bhaineann leo, ní miste cibé tá siad á n-úsáid do riarachán, teagasc, traenáil, taighde nó do chuspóirí eile. Rialacha Ginearálta Níl sé ceadmhach áiseanna ríomhaireachta agus líonra Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall a úsáid faoi choinne scaipeadh, breathnú nó stóráil a dhéanamh ar fhógraíocht thráchtála nó phearsanta, gríosú, bolscaireacht, códanna scriosúla mar víris, ríomhchláir féinmhacasamhlaithe agus rl., téacs nó íomhaí pornagrafacha, nó aon ábhar eile neamhúdaraithe. Níl sé ceadmhach ceangal idirlín Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall a úsáid faoi choinne íoslódáil a dhéanamh ar bhogearraí neamhúdaraithe, breiseáin, cluichí nó bogearraí siamsaíochta eile (spárálaithe scáileáin ina measc) nó ábhar neamhfhóirsteanach nó déistineach ar bith eile a shábháil. Níl sé ceadmhach na bogearraí atá curtha ar fáil ag Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall a úsáid ach amháin mar pháirt de ról an úsáideora ar fhoireann Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall nó, más mac léinn atá i gceist, i gcomhair cuspóirí oideachsúla agus traenála. Aontóidh an t-úsáideoir cloí le hiomlán na gcomhaontuithe cóipchearta agus ceadúnais do bhogearraí idir Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus páirtithe eile. Ní dhéanfaidh úsáideoirí cóip d’ábhar a chruthaigh daoine eile agus ní bhainfidh siad úsáid as a leithéid gan aitheantas a thabhairt d’úinéir an chóipchirt nó, más gá, cead an úinéara sin a fháil. Níor chóir d’úsáideoirí iomláine, feidhmíocht nó iontaofacht acmhainní ríomhaireachta agus líonra Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall a chur i mbaol ar dhóigh ar bith. Níl sé ceadmhach aon iarracht a dhéanamh scéimeanna do chosaint sonraí a sháinniú, bradáil a dhéanamh ar chórais nó bac a chur le hoibriúchán ceaptha na ríomhairí agus na n-áiseanna líonra. Tugtar rabhadh d’úsáideoirí go bhfuil rochtain neamhúdaraithe agus/nó cur isteach ar shonraí (ríomhchláir san áireamh), gur le daoine eile iad, ina gcoireanna faoin dlí choiriúil. Ní mór don úsáideoir gealltanas a thabhairt go gcloífidh sé/sí le forálacha na reachtaíochta do chosaint sonraí. Níl sé ceadmhach na ríomhairí agus na hacmhainní líonra a úsáid do chuspóirí neamhfhóirsteanacha ár a n-áirítear, i measc cinn eile, na gníomhaíochtaí seo a leanas: - Gníomh, a chuirfidh isteach ar ghnáthoibriúchán ríomhairí, forimeallaigh nó líonraí, a dhéanamh go feasach.
- Iomláine na faisnéise ríomhaire-bhunaithe a mhilleadh go feasach.
- Acmhainní ríomhaireachta a chur amú d’aon ghnó.
- Príobháideacht dhaoine eile a chur i gcontúirt.
- Rochtain neamhúdaraithe ar do chuntas ríomhaire a thabhairt do dhuine eile nó iarracht a dhéanamh rochtain a fháil ar thaifid ríomhaire dhuine eile.
- Ag baint úsáide as na háiseanna ríomhaireachta agus líonra faoi choinne brabúis neamhúdaraithe nó cuspóirí tráchtála.
- Ag rochtain, ag íoslódáil, ag sábháil, ag cruthú nó ag tarchur íomhaí nó ábhar ar bith a bheadh maslach, gáirsiúil, bagartha, clúmhillteach, ionsaitheach nó ciapach.
- Masla a thabhairt do dhaoine eile nó leatrom a dhéanamh orthu de bharr inscne, stádas pósta, claonadh gnéis, reiligiún, polaitíocht, aois, míchumas, cine, dath nó ballraíocht den Lucht Siúil.
Ríomhphost Tá ríomhphost curtha ar fáil ar mhaithe le cuspóirí oideachasúla, taighde agus riaracháin amháin. Níl sé ceadmhach é a úsáid faoi choinne cuspóirí tráchtála, gnóthachan airgeadais pearsanta nó úsáid shuntasach phearsanta. Ba chóir go mbeadh fios ag úsáideoirí nach bhfuil ríomhphost saor ó bhaol agus nach bhfuil cinnteacht ag baint le príobháideacht. Níor cheart d’úsáideoirí teachtaireachtaí ar bith a sheoladh, iatáin san áireamh, atá maslach, gáirsiúil, bagartha, clúmhillteach, ionsaitheach nó ciapach. Tá sé de dhualgas ar na húsáideoirí a fhaigheann a leithéid de theachtaireachtaí iad a scrios láithreach bonn. Níl sé de chead ag úsáideoirí a bheith rannpháirteach i seoladh ar aghaidh, i gcur chun tosaigh nó i ndáileadh teachtaireachtaí slabhracha ríomhphoist nó comhaid neamhriachtanacha a dhéanfadh dochar do na hacmhainní ríomhaireachta agus líonra. Ní ghlacann Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall aon fhreagracht ar son ríomhphoist chaillte nó scriosta. Níl sé de chead ag úsáideoirí ríomhphoist gan ainm a chur. Níor chóir d’úsáideoirí ríomhphoist a thagann ó fhoinsí neamhaithnid gan iarraidh a oscailt. Cuirtear na gnásanna iompraíochta céanna i bhfeidhm i dtaca le faisnéis ríomhaire-bhunaithe is a chuirtear i gcás na meáin níos traidisiúnta. Láithreáin Gréásáin Domhanda - WWW Ba chóir nach mbeadh saothar na mac léinn le feiceáil ar leathanaigh gréasáin ach amháin i gcomhthéacs oideachasúil, le fógra a choscann cóipeáil a dhéanamh ar a mhacasamhail de shaothar gan cead sainráite i scríbhinn ó Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall. Níor cheart ábhar cóipchirt a chur ar aon leathanach gréasáin gan cead an sealbhóra cóipchirt agus aitheantas a bheith tugtha dó/di. Níor chóir eolas pearsanta macasamhail seoladh baile, uimhreacha gutháin, sonraí teagmhála nó eolas pearsanta eile fá mhac léinn, teaghlach an mhic léinn nó fá bhaill foirne le bheith le feiceáil lena leithéid de shaothar. Níl cead ag mic léinn clárú le leabhair ‘cuairteoirí’ nó iad a shíniú gan cead roimh ré. Níor chóir ach grúpghrianghraif mhóra coláiste/ionaid a úsaid ar an suíomh gréasáin. Níl sé ceadmhach grianghraif nó pictiúirí de mhic léinn aonaracha a úsáid ar eagla go mbeadh siad ina gcuidiú an duine sin a aithint. Níor cheart grianghraif de bhall foirne a bheith le feiceáil ar shuíomh gréasáin gan cead ón bhall foirne sin a fháil roimh ré. Má thugtar cuireadh teagmhála tríd an suíomh gréasain d’úsáideoirí eile idirlín, caithfear seoladh cineálach a thabhairt m.sh.
Tá an seoladh r-phost seo ar chosaint ó spam bots; teastaíonn Javascript faoi chumas uait chun féachaint air
Ba chóir go mbeadh an séanadh seo a leanas ag dul le gach suíomh gréasáin: "tá an t-eolas atá ar fáil sna leathanaigh gréasáin seo fíor agus beacht, chomh fada agus is eol dúinn, ag am á bhfoilsithe agus go díreach faoi choinne cuspóirí faisnéise amháin. Ní ghlacann Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall aon dhliteanas d’aon chaillteanas nó damáiste a bheadh mar thoradh ar úsáid nó brath ar an fhaisnéis seo." Forfheidhmiú Polasaí Ba chóir d’úsáideoirí a chur in iúl don Choiste má tá siad amhrasach faoi mhí-úsáid na n-acmhainní ríomhaireachta agus líonra mar aon le hábhar nó ríomhphoist ghránna a thugann siad faoi deara agus damáiste nó fadhbanna ar bith a mheasann siad a tharla do chomhaid. Táthar ag dréim go gcomhoibreoidh úsáideoirí, nuair a iarrfar orthu é, le riarthóirí an chórais agus/nó le ball foirne údaraithe eile agus iad i mbun fiosrúchán ar mhí-úsáid an chórais. Forchoimeádann Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall an ceart chun iniúchadh a dhéanamh ar na comhaid go léir atá coinnithe ar a chórais ríomhairí. Beidh úsáideoirí a sháraíonn an polasaí seo faoi dhliteanas nósanna imeachta dhlíthiúla agus nósanna imeachta smachta Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall. Tá an polasaí seo faoi réir ag athbhreithniú rialta agus déanfar é a nuashonrú nuair is gá.
|