Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
Seirbhísí don Óige PDF Priontáil R-phost
 
Leagan Béarla - English Version
     
1. Definition Sainmhíniú ar Obair don Aos Óg 
2. Cláracha Oibre don Aos Óg i nDún na nGall
3. Scéimeanna Oibre don Aos Óg

1. Sainmhíniú ar Obair don Aos Óg

Séard atá i gceist le hObair don Aos Óg ná clár oideachais pleanáilte atá curtha le chéile ar mhaithe le cuidiú le agus feabhsú a dhéanamh ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta dhaoine óga a bhuí dá rannpháirtíocht dheonach, chun cur lena n-oideachas agus oiliúint fhoirmeálta. Is iad eagraíochtaí deonacha don aos óg a chuireann formhór na gclár seo ar fáil.

An tAcht um Obair don Aos Óg 2001 agus An Plean Forbartha Náisiúnta um Obair don Aos Óg 2003-2007
Cuireann an reachtaíocht seo creat dlíthiúil ar fáil do sholáthar clár agus seirbhísí d’Obair don Aos Óg a bheas a n-eagrú ag an Roinn Oideachais & Eolaíochta, ag Coistí Gairmoideachais agus ag Eagraíochtaí Óige náisiúnta agus réigiúnach. Tá CGO Dhún na nGall gníomhach sa phróiseas seo siocair go bhfuil an Príomhfheidhmeannach, Seán Ó Longáin, ina bhall diongbháilte den Choiste Comhairleach Náisiúnta um Obair don Aos Óg, ag a bhfuil feidhmeanna comhairleacha i réimsí macasamhail soláthar agus comhordú ar sheirbhísí agus cláracha oibre don aos óg, forbairt polasaithe um obair don aos óg (m.sh. cosaint do pháistí), treoirlínte i ndáil le Comhairlí Deonacha don Aos Óg. Ar na mallaibh, d’fhostaigh CGO Dhún na nGall Oifigeach Óige, chun cloí leis an Acht um Obair don Aos Óg, 2001, ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí don Óige i gContae Dhún na nGall chomh maith le comhordú agus forbairt a dhéanamh orthu. Faigh i dteagmháil lenár nOifigeach Óige.

Tá siad seo a leanas i measc chuid feidhmeanna CGO Dhún na nGall:
• tacaíocht a chur ar fáil, tacaíocht airgeadais san áireamh, d’eagraíochtaí obair óige
• ullmhúchán agus cur i ngníomh a dhéanamh ar an Phlean Forbartha um Obair don Aos Óg (2003-2007)
• buiséid d’obair óige a dhréachtú gach bliain
• bunú Coiste um Obair don Aos Óg ar mhaithe le comhairle a thabhairt agus moltaí a dhéanamh chuig an CGO maidir le feidhmíocht a chuid feidhmeanna ó thaobh obair don aos óg
• bunú Comhairle Deonach Áitiúil don Óige sa cheantar

Beidh breis cur i bhfeidhm a dhéanamh ar an Acht um Obair don Aos Óg, 2001, gan mhoill amach anseo.
• Beidh idir 16-20 duine ar an Choiste um Obair don Aos Óg, le hionadaithe ó ghníomhaireachtaí reachtúla ábhartha, an Coiste Gairmoideachais san áireamh, agus ionadaithe ón Chomhairle Deonach don Aos Óg. Cuirfidh an coiste seo moltaí faoi bhráid an CGO maidir le feidhmíocht a chuid feidhmeanna faoin Acht agus cuirfidh sé comhairle ar an CGO mar is cuí.
• Beidh idir 10-20 duine ar an Chomhairle Deonach don Aos Óg a bheas ag gníomhú mar fhóram ina ndéanfar plé ar soláthar clár i gcomhair obair don aos óg i nDún na nGall. Cuirfidh sé an CGO ar an eolas fá ábhair a bhaineann leis an Phlean Forbartha um Obair don Aos Óg. Caithfidh aon chúigiú de bhallraíocht an ghrúpa seo a bheith faoi 25 bliain d’aois.

Cé le labhairt leis?: Déan teagmháil lenár nOifigeach Óige

2. Cláracha Oibre don Aos Óg i nDún na nGall

Cuireann CGO Dhún na nGall, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, tacaíocht riaracháin/airgeadais, cibé go díreach nó go comhoibritheach, do na Cláracha Óige seo a leanas ar fud Dhún na nGall. Is iad Foróige, Seirbhís Óige Dhún na nGall/Grúpaí Pobalbhunaithe nó Scoileanna a dhéanann bainistiú agus eagrú ar na cláracha seo.

Scéim Foróige d’Fhorbairt an Óige
Ceadaítear maoiniú ar bhunús bliantúil faoi choinne Oifigeach Forbartha don Óige a fhostú go lánaimseartha ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar Chlubanna Foróige, idir cinn úrnua agus cinn atá bunaithe cheana féin. Tá fostú dhá Oifigeach molta don chlár seo anois, de réir fhorálacha an Phlean Forbartha Náisiúnta um Obair don Aos Óg, 2003-2007. Faigh i dteagmháil le Enda Gillespie; Oifigeach Óige Réigiúnach @ 086 9171079; 074 9723029; Facs: 074 9723050
Ríomhphost: Tá an seoladh r-phost seo ar chosaint ó spam bots; teastaíonn Javascript faoi chumas uait chun féachaint air

Tionscadal Forbartha Foróige / Aos Óg Ghaoth Dobhair
Tá Foróige ag obair i bpáirtíocht le hionadaithe ón phobal áitiúil ar mhaithe le Tionscadal Óige a bhunú sa cheantar. Beidh cláracha agus gníomhaíochtaí an Tionscadail bunaithe ar riachtanais dhaoine óga mar a aithníodh san anailís riachtanas a rinne an Comhordaitheoir d’Idirchaidreamh Baile/Scoile, Daoine Deonacha ón Phobal agus Daltaí na hIdirbhliana i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Teagmhálaí: Susan McLaughlin, Bainisteoir Tionscadail, @ 074 9723116

Tionscadal Pobail d’Aos Óg Bhaile na nGallóglach
Tionscadal Óige pobalbhunaithe atá a bhainistiú ag oibrithe deonacha ón phobal áitiúil. Clár i Scileanna Gairme do stócaigh óga (13-18 bl.) i gceantar Bhaile na nGallóglach, chun scileanna agus eolas a thabhairt dóibh a bheas ina chuidiú nuair a bheidh siad ar lorg slí bheatha sa todhchaí.

Clár Daybreak, Seirbhís Óige Dhún na nGall Teo.
Tá sé seo dírithe ar luathfhágálaithe scoile agus orthu siúd atá i mbaol an scoil a fhágáil go luath nó nach bhfreastalaíonn ach go hannamh, in aois 12-15 bliain. Cuireann an clár seo tacaíocht ar fáil chun cuidiú le daoine óga fáil ar aghaidh go maith sa scoil agus cuidiú do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí acu lena dtimpeallacht. Lena chois sin, cuidíonn sé le scileanna chun déileáil le deacrachtaí agus scileanna sóisialta. Teagmhálaí: Marina Porter @ 074 9126155

Ionaid Eolais don Aos Óg i mBaile Dhún na nGall agus i Leitir Ceanainn
Cuirtear eolas ar fáil do dhaoine óga sna ceantair seo faoi seach. I mBaile Dhún na nGall is é Foróige a reáchtálann an tseirbhís agus i Leitir Ceanainn reáchtálann Seirbhís Óige Dhún na nGall Teo. an tseirbhís faoi choimirce CGO Dhún na nGall. Is seirbhís faisnéise faoi rún agus saor in aisce í seo don aos óg agus do dhaoine a bhíonn ag obair leo. Tá faisnéis ar fáil fá ábhair a bhaineann leis an aos óg, macasamhail oideachas, sláinte, cúrsaí airgeadais, fostaíocht agus go leor, leor eile. Déan teagmháil le: Oifig Bhaile Dhún na nGall @ 9723029 agus le hOifig Leitir Ceanainn @ 9129640.

3. Scéimeanna Oibre don Aos Óg

Scéim Deontais Áitiúil do Chlubanna Óige
Oscailte do na hEagraíochtaí agus Clubanna Óige go léir a bhfuil a n-aird go príomha ar Obair don Aos Óg. Tugtar tús áite dóibh siúd a chuireann seirbhísí ar fáil d’Aos Óg atá faoi mhíbhuntáiste nó imeallach, agus tuilleadh tosaíochta do dhaoine óga idir 10 bliain d’aois agus 24 bliain d’aois. Tá na deontais seo ar fáil le cuidiú le costais leanúnacha Chlubanna agus Eagraíochtaí Óige, costais mar cíos árachas, oiliúint do cheannairí, agus cláracha. Faigh i dteagmháil lenár nOifigeach Óige.

 

 
< Roimhe