|
Leagan Béarla - English Version
Eolas faoin Scéim Iompar Scoile
Cé leis a bhfaighidh mé i dteagmháil?
Íoslódáil Foirmeacha Iarratais ar Iompar
Scéim Iompair do Scoileanna Iar-bhunoideachais
1. Cáilitheacht
1.1 Le bheith i dteideal iompar faoin scéim seo, caithfidh dalta na critéir seo a leanas a shásamh:
(a) a bheith cláraithe ar chúrsa formheasta i scoil aitheanta iar-bhunoideachais;
(b) gan a bheith níos óige ná 12 bliain d’aois ar an chéad lá d’Eanáir na scoilbhliana ina dtosaíonn an dalta ar oideachas dara leibhéal;
(c) de ghnáth, cúrsa iomlán bunoideachais a bheith curtha i gcrích ag an dalta;
(d) a bheith ina c(h)ónaí 4.8 ciliméadar (3 míle), nó níos mó, ón ionad oideachais dara leibhéal a mbeidh sé/sí ag freastal air.
1.2 Féadfar daltaí incháilithe a iompar go dtí an t-ionad dara leibhéal a fhreastalaíonn ar an sprioc-cheantar ina gcónaíonn siad. (Tugtar “Daltaí Láncháilithe” ar dhaltaí a úsáideann na háiseanna seo).
1.3 Eagraítear na seirbhísí iompar scoile mar ghréasán de na slite príomha a fhreastalaíonn ar gach sprioc-cheantar. Caithfear daltaí nach bhfuil ina gcónaí ar shlite príomha a thabhairt chuig áit fhóirsteanach ar an slí príomha chun an bus scoile a fháil. Ní fhágann an bus an príomhbhóthar i gcás daltaí dá leithéid. Go ginearálta, déantar na slite a phleanáil sa dóigh nach mbeidh ar dhalta ar bith taisteal níos faide ná 3.2 ciliméadar (2 míle) go dtí an bus.
2. Iompar Lamháltais
2.1 Má fhreastalaíonn dalta incháilithe ar scoil diomaite den scoil dara leibhéal atá sa sprioc-cheantar ina gcónaíonn sé/sí, d’fhéadfaí lamháltas iompair a cheadú dó/di ó theorainn an sprioc-cheantair ina bhfuil an scoil a bhfuil sé/sí ag freastal uirthi, más rud é go bhfuil suíochán saor ar an bhus a fhreastalaíonn ar an scoil sin.
2.2 Is iad na daltaí iad féin atá freagrach as a mbealach a dhéanamh go dtí teorainn an sprioc-cheantair nó go dtí an tseirbhís bus is cóngaraí laistigh den sprioc-cheantar sin. (Tugtar “Daltaí Teorainn Sprioc-cheantair ar dhaltaí a úsáideann na háiseanna seo).
2.3 Maidir le dalta a gceadaítear iompar ó theorainn sprioc-cheantair dó/di, ní haon gheallúint é sin go mbeidh a leithéid ar fáil ar feadh a t(h)réimhse iomlán oideachais sa scoil sin. Siocair gur beart lamháltais atá ann, beidh iompar leanúnach ag brath ar infhaighteacht ar shuíocháin bus go dtí an scoil sin i ngach téarma scoile. Tabharfar tús áite do dhaltaí incháilithe atá cláraithe, nó a bheas cláraithe, i scoil sa sprioc-cheantair ina gcónaíonn siad. Má tá tú neamhchinnte faoin sprioc-cheantair ina bhfuil tú i do chónaí nó fá na catagóirí éagsúla d’iompar scoile, faigh i dteagmháil leis an scoil atá roghnaithe agat nó leis an Oifigeach Idirchaidrimh Iompair in oifigí an Choiste Gairmoideachais atá ag freastal ar do cheantar.
3. Ranníocaíocht
3.1 Is féidir le daltaí incháilithe leas a bhaint as an scéim iompar scoile ach an ranníocaíocht oiriúnach a íoc don téarma. Nuair atá cárta leighis teaghlaigh ag tuismitheoirí nó ag caomhnóirí dlíthiúla an dalta (ní cárta leighis an pháiste féin), d’fhéadfaí an ranníocaíocht a mhaitheamh i gcás na bpáistí sin.
4. Deontais
4.1 I gcás dalta atá i dteideal seirbhís iompair ach nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil nó mura bhfuil dalta ábalta úsáid a bhaint as iompar scoile de bharr breoiteachta / míchumais, féadfar deontas a íoc chun cuidiú le costas seirbhís iompair phríobháideach.
4.2 I gcás dáltaí láncháilithe a chónaíonn níos faide ná 3.2 ciliméadar (2míle) ó phointe tógála nó lasmuigh d’achar na seirbhíse iompar scoile, féadfar Deontas do Cheantar Iargúlta a íoc, deontas atá bunaithe ar fhad agus ar fhreastal. Ní íocfar ach deontas amháin an teaghlach.
5. Oideachas trí mheán na Gaeilge
5.1 Maidir le daltaí atá ag iarraidh a gcuid oideachais iar-bhunscoile a fháil go hiomlán trí mheán na Gaeilge, tá siad i dteideal seirbhís iompair chuig an ionad is cóngaraí ina bhfuil meánscoil, gairmscoil, pobalscoil nó scoil chuimsitheach a chuireann a mhacasamhail d’oideachas ar fáil, más rud é go bhfuil cónaí orthu 4.8 ciliméadar (3 míle) nó níos faide ón ionad.
6. Ginearálta
6.1 Ní féidir seirbhís speisialta bus scoile a chur ar fáil mura bhfuil, ar a laghad, seachtar dalta incáilithe ina gcónaí laistigh de cheantar a bhféadfadh seirbhís bus freastal air ar chostas réasúnta.
6.2 Meastar gur leor 2.5 uair, idir taisteal agus am feithimh, i gcás turas fillte sa lá, ach i gcásanna eisceachtúla d’fhéadfadh sé a bheith sé níos faide.
6.3 Is ag an tAire Oideachais & Eolaíochta atá an focal deireanach i dtaca le ceadú na n-áiseanna faoin scéim seo.
6.4 Cé gur tharla sé gur bhain daltaí leas as áiseanna iompair nach raibh siad ina dteideal faoi théarmaí na scéime, ní ionann sin is a rá go bhfuil sé de cheart acu leanúint ar aghaidh ag úsáid na seirbhísí.
7. Tuilleadh Eolais
7.1 Is féidir tuilleadh eolais faoina seirbhísí iompar scoile a fháil ó shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais & Eolaíochta ag: www.education.ie
________________________________________
Faisnéis Teagmhála
Déanann an tOifigeach Idirchaidrimh Iompair comhordú ar an Scéim don tSeirbhís Iompair Iar-bhunscoile thar ceann Rannán Iompar Scoile na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Cuireann an tseirbhís seo iompar ar fáil do dhaltaí incháilithe dara leibhéal a fhreastalaíonn ar scoileanna iar-bhunoideachais sa Chontae, faoi pholasaithe agus rialúcháin a shocraíonn an tAire agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Oifigeach Idirchaidreamh Iompair do Chontae Dhún na nGall: Seán Ó Longáin
Cliceáil anseo faoi choinne tuilleadh sonraí teagmhála.
Tá an tSeirbhís Iompair Iar-bhunscoile a bainistiú ag Bus Éireann ar chonradh ó Rannán Iompar Scoile na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Ba chóir fiosrúcháin nó ceisteanna conartha nó feidhmiúcháin a chur faoi bhráid Oifigí Bus Éireann i Srath an Urláir:
Teagmhálaí: John McLoughlin, Bus Éireann, Srath an Urláir
Teil: 074 9131008
Facs: 074 9132338
Ríomhphost:
Tá an seoladh r-phost seo ar chosaint ó spam bots; teastaíonn Javascript faoi chumas uait chun féachaint air
Tá an seoladh ríomhphoist seo cosanta ó spam bots; chun é a fheiceáil, caithfidh tú Javascript a chumasú
________________________________________
Foirmeacha Iarratais Iompair [Formáid PDF]
Foirm ‘N’
Scéim Iompar Iar-bhunscoile – Foirm Cáilitheachta – Daltaí Nua (i.e. dalta ag clárú don chéad uair i scoil iar-bhunoideachais)
Foirm ‘E’
Scéim Iompair Iar-bhunscoile – Dalta ag glacadh athuair le seirbhís iompair i ndiaidh seal gan í, i.e. dírithe go háirithe ar dhaltaí a raibh iompar curtha ar fáil dóibh cheana féin ach a d’fhág agus a bhfuil sé de dhíth orthu anois arís don scoilbhliain 2008/2009
Foirm ‘T’
Scéim Iompar Iar-bhunscoile – Foirm Aistrithe – Dalta ag Athrú Áit Chónaithe nó Ag Athrú Scoile
|