Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
Seirbhís Ceoil PDF Priontáil R-phost


Tá sé mar chuspóir ag an tSeirbhís Áitiúil in Oideachas Ceoil (SAOC) teagasc uirlise/gutha a chur ar fáil i ngach cineál ceoil (Clasaiceach, Traidisiúnta, Roc-cheol/Popcheol agus Snagcheol), ag rátaí réasúnta, do pháistí agus d’aos óg.  Lena chois sin,  d’fhéadfadh an tseirbhís uirlisí a thabhairt ar cíos, óna stór uirlisí, do mhic léinn áirithe atáthar a theagasc.  Tugtar cuireadh do na mic léinn go léir a bheith rannpháirteach i gcór nó in ensemble ábhartha de chuid SAOC ar mhaithe lena scileanna ceoil agus sóisialta a fheabhsú.
 
Ceann de phrionsabail príomha na Seirbhíse Ceoil is ea go bhfuil sé d’acmhainneacht ag ceol difear iontach dearfa a dhéanamh inár saol dúinn go léir.  Nuair a fhoghlaimítear an dóigh le huirlis a sheinm nó canadh i gcór, cabhraíonn sé sin le muinín a chruthú, taiscéaladh a dhéanamh ar mhothúchán cruthaitheach, smacht a fhoghlaim agus na scileanna riachtanacha d’idirchaidreamh sóisialta a fhoghlaim.  Tá teagasc grúpa agus aonair ar fáil i réimse uirlisí agus, de ghnáth, bíonn na rannganna ar siúl i ndiaidh am scoile agus ar an Satharn i scoileanna, coláistí agus ionaid CGO Dhún na nGall ar fud fad an Chontae. Tá teagasc córúil ar fáil fosta i gceantair áitiúla agus bíonn iompar curtha ar fáil chuig an chleachtadh.  Is iad teagascóirí uilise/gutha, idir lánaimseartha agus páirtaimseartha, a chuireann an teagasc ar fáil.  I measc na ngníomhaíochtaí eile a bhíonn ar siúl ag an tSeirbhís, tá ceardlanna, seimineáir, máistir-ranganna agus beoléiriúcháin, i gcomhpháirtíocht le lucht ceoil níos leitheadaí ar fud na tíre.
  
Aimsigh do ghuth féin….., Seinn do phort féin……, Séid do Thrumpa, Cláirnéid, Trombón féin……… &rl.

le Seirbhís Áitiúil in Oideachas Ceoil Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall
 
Cliceáil anseo faoi choinne tuilleadh sonraí.

 

 
< Roimhe   Céad Eile >