Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
Cumann Gailf an Choiste PDF Priontáil R-phost

 

Captaen: Éanna Ó Mainín,Gairmscoil Chú Uladh
 
Rúnaí: Jim McGlynn, Oifigí an Choiste Gairmoideachais, Leitir Ceanainn
 
Oifigeach Caidreamh Poiblí: Deirdre O’Toole, Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall
 
Rúnaí Comórtais/Cise: Oliver Plunkett, Gairmscoil na Mainstreach
 
Ionadaithe Scoile/Ionaid:

Póilín Uí Chomaic, Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór.
Seán Murphy, Coláiste Chranncha, Bun Crancha.
Oliver Plunkett, Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall.
Charlie Cannon, Coláiste Earagail, Leitir Ceanainn.
Fergus Friel, Coláiste na Maoile Ruaidhe, Baile na nGallóglach
P.J.McGowan, Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth.
Paddy McDaid, Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir.
Éanna Ó Mainín,Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir.
John Bosco Gallagher, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn.
Johnny Sweeney, Coláiste Pobail Bhun an Phobail.
Fergal O’Flaherty, Coláiste Mhagh Ene, Bun Dobhráin.
Jimmy O`Donnell, Ionad Traenála Naomh Fiachra, Leitir Ceanainn.
 
Níl aon ionadaíochta ag na Scoileanna/Ionaid seo a leanas go dtí seo:
  
- Ionad Eachtraíochta Ghartán
- Gaelcholáiste Chineál Eoghain
- Gairmscoil Naomh Caitríona, Na Cealla Beaga
- Gairmscoil na Carraige
- Coláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thoraí
- Ionaid Oiliúna agus Oideachais d’Aosaigh  
 
Catagóirí Ballraíochta

i.Daoine atá fostaithe le CGO Dhún na nGall ar Chonradh ar feadh Tréimhse Éiginnte nó ar Chonradh ar feadh Tréimhse Seasta do 2009.
ii.Ball foirne éirithe as obair (i.e. ar Pinsean).
iii.Ball foirne éirithe as obair agus arbh é fostaíocht le CGO Dhún na nGall an fhostaíocht is deireanaí a bhí acu.
iv.Baill agus Iarbhaill an Choiste/Fhochoistí.
v.Niall Sheridian, Dlíodóir do CGO Dhún na nGall, nó duine ainmnithe aige.
vi.Declan Sherlock, Bainisteoir, Banc na hÉireann, Baincéir an CGO, nó duine ainmnithe aige.
vii.Céilí de Chatagóirí (i) agus (ii) thuas.
  
Táillí Síntiúis agus Coinníollacha Ballraíochta don Bhliain 2009
   
i.

Táillí Síntiúis Ballraíochta:
Táille Síntiúis Ballraíochta de €30 don bhliain 2009.
Caithfidh na Baill €25, ar a laghad, i dTáillí Imeartha a íoc do gach Turas imeartha.

  

ii.Coinníollacha:
a)Tá sé d’iallach ar gach Ball, baill úra san áireamh, Foirm Ballraíochta an Chumainn a chomhlánú agus a chur ar aghaidh in éineacht leis an Táille Ballraíochta chuig Jim McGlynn, Rúnaí an Chumainn.
b)Caithfear na Táillí Ballraíochta a íoc ina n-iomláine le bheith incháilithe do dhuaiseanna agus do phointí i dtreo Galfaire na Bliana.
c)Caithfidh gach ball a bheith san iomaíocht i gceann amháin (1), ar a laghad, de na Turais sceidealta oifigiúla, diomaite den Chomórtas Foirne, le bheith incháilithe don 1ad Duais ar Lá an Chaptaein. Ní bhaineann an riail seo le hord na bpointí don duais ‘Galfaire na Bliana’.
     
Athbhreithniú ar Chiseanna an Chumainn
 
i.Imreoidh gach Ball, atá cheana féin ina B(h)all de Chumann Gailf aitheanta, imreoidh sé/sí a C(h)is oifigiúil i gcéad Thuras imeartha na bliana. 
ii.Ina dhiaidh sin, beidh an Chis oifigiúil sin ionann le Cis, nó Buntáiste Cumainn an Bhaill don Bhliain Cumainn sin, mura laghdófar a leithéid ag leibhéal Club agus faoi réir ag Uimh. 3 thíos.
iii.I gcás an bhuaiteora de gach Turas do Chomórtas Singilte, déanfar a C(h)is Cumainn a laghdú le buille amháin (1).   Lena chois sin, má bhriseann aon Bhall Scríoblíne an Chúrsa (SSS) cuirfear a gCis Cumainn in oiriúint de réir Rialacha G.U.I./I.L.G.U.
iv.De réir na Moltaí a d’eisigh CONGU ar na mallaibh i ndáil le Comórtais ina n-imríonn fir agus mná, déanfar Ciseanna nó Buntáistí na mBan a oiriúniú i ngach Comórtas ar mhaithe leis an éagsúlacht sa Scríoblíne Caighdeánach (SSS) idir tíonna na bhfear agus na mban a léiriú. 
v.Bronnfar Ciseanna Sealadacha ar dhaoine nach bhfuil ina mBaill den Chumann Gailf i ndiaidh a mhachnamh a bheith déanta ag Oliver Plunkett, Rúnaí Cise, le cuidiú ó  Seán Boyle, agus i gcomhairle le Éanna Ó Mainín, Captaen, mar a leanas:
 Fir:        24 uasmhéid
 Mná:      36 uasmhéid

    

An Comórtas ‘Galfaire na Bliana’
Bronnfar pointí do Ghalfaire na Bliana don chéad deich (10) glanscór, bunaithe ar an Chis Cumainn, ag gach Turas do Chomórtas Singilte, mar a leanas:-
 

1ad25 Pointe6ú15 Pointe
2ra23 Pointe7ú13 Pointe
3ú21 Pointe8ú11 Pointe
4ú19 Pointe9ú9 Pointe
5ú17 Pointe10ú7 Pointe

   

Sa chás go mbeadh ceangal i ndiaidh iomlán na gComórtas don Bhliain 2009 a bheith criochnaithe, socrófar buaiteoir Galfaire na Bliana de réir na bpointí charnacha Stableford ó na Turais do Chomórtais Singilte do na baill atá i gceist.
 
Sceideal na dTuras don Bhliain 2009 agus na Socruithe
    

(a)Turais: 
 Dé Sathairn 25 Aibreán 2009:Club Gailf Dhún na nGall, Murbhach        
 Dé Sathairn 23 Bealtaine 2009: Club Gailf Bhealach Féich & Shrath an Urláir:
 Dé Sathairn 12 Meán Fómhair 2009:Club Gailf Leitir Ceanainn
 Dé Sathairn 10 Deireadh Fómhair 2009:Club Gailf an Fhearthainn agus Phort Nua
 Dé Sathairn 14 Samhain 2009:    Áit le bheith socraithe
 Dé Céadaoin 30 Nollaig 2009:Club Gailf Bhun Dobhráin
   
(b)Ord Imeartha: 
 

Déanfar tarraingt faoi choinne an Ord Imeartha agus na Páirtnéirí Imeartha a shocrú do gach Turas, seachas an Comórtas Foirne, a d’fhéadfaí a chur i bhformáid idir-Scoileanna/Ionaid.  
    

Caithfidh Baill an Chumainn a bheith ar an láthair tráth nach déanaí ná cúig nóiméad déag (15) roimh thús an ama curtha in áirithe don tí i gcás gach turas.  
     

Caithfidh gach Baill Cumainn imirt le Ball Cumainn eile laistigh den am atá curtha in áirithe don tí sa dóigh go mbeidh siad incháilithe do na duaiseanna agus na pointí don duais Galfaire na Bliana.

     
Polasaí maidir le Cuairteoirí/Aíonna ag Turais an Chumainn

Rinne an Cumann cinneadh go gcaithfidh Baill atá ag iarraidh cuireadh a thabhairt do chuairteoirí/aíonna atá i bhfách le bheith rannpháirteach, cead a fháil roimh ré ó Jim McGlynn, Rúnaí, i gcomhairle le Éanna Ó Mainín, Captaen, agus go mbeadh sé faoi rogha an Uachtaráin agus an Chaptaein cuireadh a thabhairt do chuairteoirí/aíonna chuig a gcuid Imeachtaí faoi seach.
  
Jim McGlynn,

Rúnaí an Chumainn
                                   
Márta 2009