|
Rinneadh forbairt ar an chúrsa Dioplóma seo de bharr gur léiríodh riachtanais do shlite forchéimnithe oideachais do dhaoine atá ag obair san earnáil Drugaí agus Alcól. Clúdaíonn an cúrsa Dioplóma seo réimse leathan saincheisteanna, ó chosc go hoideachas agus cóireáil agus athshlánú, agus ag an am céanna tugann sé aghaidh ar ghnéithe níos leitheadaí polasaí, ar an chóras um cheartas coiriúil, ar thaighde agus ar chleachtas frithchaiteach maraon le substaintí agus sláinte intinne. Lena chois sin, tá sé mar aidhm aige tacú le gníomhaíochtaí i bPolasaí Náisiúnta Drugaí agus Alcóil ina bhfuil gá le níos mó deiseanna traenála do dhaoine atá ag obair sa réimse sin. Tá an Dioplóma seo deartha do chleachtóirí san earnáil drugaí agus alcóil agus do chleachtóirí a thagann i dteagmháil le daoine atá i mbaol ó mhí-úsáid drugaí agus alcól. D’fhéadfadh an clár a bheith oiriúnach do ghairmithe sláinte, gairmithe i gcúram sóisialta, múinteoirí, treoir chomhairleoirí, oibrithe leis an aos óg agus i gcúram páistí, oifigigh príosúin, baill den Gharda Síochána, oifigigh promhaidh agus oibrithe pobail, i measc go leor eile. Tuilleadh eolas ar fáil ó: Christina McEleney Fón: 074 9161508 Facs: 074 9122439 Ríomhphost:
Tá an seoladh r-phost seo ar chosaint ó spam bots; teastaíonn Javascript faoi chumas uait chun féachaint air
|