Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
An Chomhairle Mhúinteoireachta PDF Priontáil R-phost
Leagan Béarla - English Version
 
Nuacht is déanaí - cliceáil ar an nasc seo a leanas;
 
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar bonn reachtúla chun an múinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile, chun forbairt ghairmiúil mhúinteoirí a chur chun cinn agus chun caighdeáin na gairme a rialú.
 
Go sonrach, is iad seo a leanas a cuid feidhmeanna:
 
·         An mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm
·         Forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí a chur chun cinn
·         Clár múinteoirí a bhunú agus a chothabháil
·         Cóid Iompair agus Cleachtais Ghairmiúil, a mbeidh eolas múinteoireachta, scil agus inniúlacht san áireamh iontu, a bhunú, a fhoilsiú, a chothabhail agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air
·         An ghairm mhúinteoireachta a rialú, agus,
·         Caighdeáin mhúinteoireachta, eolas, scil agus inniúlacht a chothabháil agus a fheabhsú.
 
Cliceáil anseo chun gearrbhileog a íoslódáil ina bhfuil eolas breise le fáil faoi feidhmeanna na Comhairle.
 
Réamheolas faoi Chlárúchán
Is sonra mar aitheantas gairmiúil é do mhúinteoir a bheith cláraithe agus deimhníonn sé go cloítear le caighdeáin iontrála sa ghairm.
 
In Éirinn, níl cead ach ag múinteoirí amháin a bhfuil na riachtanais chláraithe na Comhairle Múinteoireachta curtha i gcrích acu, a bheith ag múineadh i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna scoil aitheanta an Stáit * agus a gcuid tuarastal a fháil ó choistí an Stáit**.
Tá clárú mar mhúinteoir ag leibhéal bunscoile nó iar-bhunscoile (an bhreis oideachais san áireamh) faoi rialú Alt 31 (5) Alt 31 (5) d’Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
 
Tá san áireamh leis an bpróiseas clárúcháin, foirm iarratais a chur isteach, chomh maith le trascríbinní, fianaise aitheantais, fianaise faoi charachtar, doiciméadúcháin fhianaise eile agus an táille clárúcháin. Déantar measúnú ar gach iarratas le haird a thabhairt ar critear atá leagtha síos maidir le cáilíochtaí agus taithí múinteoireachta chomh maith le fianaise faoi charachtar. Ag deireadh an phróisis, tugtar cead clárú go hiomlán nó le coinníollacha nó diúltar cead clárúcháin a thabhairt.
 
Tugtar deis d’iarrthóirí athbhreithniú a fháil ar thoradh measúnaithe an phróisis chlárúcháin más mian leo.
 
* De réir Acht 10 den Acht um Oideachas, 1998.
 
** Beidh na riachtanais chláraithe éigeantach faoi Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta.
 
Sonraí Teagmhála
Seoladh:
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A
Campus Gnό Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad
Co. Chill Dara
 
Uimhir Ghutháin: Lóghlao 1890 224 224 nó +353 1 6517900
 
Facs: +353 1 6517901
 
Ríomhphost: Tá an seoladh r-phost seo ar chosaint ó spam bots; teastaíonn Javascript faoi chumas uait chun féachaint air
 
Suíomh Gréasáin: www.teachingcouncil.ie