Another great RocketTheme Joomla Template brought to you by the RocketTheme Joomla Template Club.
Cuardach Cúrsaí PDF Priontáil R-phost

  

Leagan Béarla - English Version

 

Tá réimse leathan de chúrsaí ar fáil ó Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall ar fud an Chontae.

    

CUARDACH CÚRSAÍ - Cuardaigh an Clár Cúrsaí anseo 

   

 

 

Eolas faoinár gCúrsaí            

 

1.      Eolas Ginearálta faoi Chúrsaí

2.      Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta

3.      Cáilíochtaí agus Deimhniúchán

4.      Forchéimniú

5.      Cláir Breisoideachais agus Oideachas Aosach

6.      Cláir Scoile/Coláiste  

 

1. Eolas Ginearálta ar Chúrsaí do Mhic Léinn Oíche / Lae    

 

1.Tosófar ar ranganna ag tús na tríú seachtain i mí Mheán Fómhair, mura bhfógrófar a mhalairt.
2.Mairfidh na cúrsaí go léir ar feadh ocht seachtaine, mura bhfógrófar a mhalairt.
3.Níl cead ag mic léinn faoi 18 bliain d’aois freastal ar ranganna oíche.
4.Ar mhaithe le táillí a choinneáil íseal, d’fhéadfaí iarraidh ar mhic léinn a gcuid ábhar féin a chur ar fáil.
5.Tá íosmhéid uimhreacha de dhíth sula dtig ranganna a chur le chéile agus féadfar ranganna a chur ar ceal mura sroichtear an líon is ísle roimh dheireadh an dáta clárúcháin. I gcás dornán cúrsaí, beidh sé riachtanach srian a chur ar an líon áiteanna.
6.Ní féidir aisíocaíochtaí a thabhairt ach amháin má chuirtear rang ar ceal agus is é Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall amháin a bhfuil an chumhacht acu é sin a dhéanamh i ndiaidh do na ranganna a bheith tosaithe.
7.Tá sé de rogha ag Stiúrthóir an Oideachais d’Aosaigh cead a thabhairt d’fhoghlaimeoirí aistriú ó chúrsa amháin go cúrsa eile.
8.Tá sé de rogha ag Stiúrthóir/Oifigeach an Oideachais d’Aosaigh na hamanna agus fad na gcúrsaí a athrú ó na cinn a fógraíodh.
9.Bí ar an eolas, le do thoil, nach bhfuil Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall nó údaráis na scoileanna/na n-ionad/na gcoláistí freagrach as aon chaillteanas nó damáiste do mhaoin na mac léinn le linn dóibh a bheith ag freastal ar chúrsaí.
10.Forchoiméadann Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall an ceart diúltiú d’iontráil agus diúltiú d’aisíocaíocht.
11.Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht phoiblí, mar atá leagtha síos ag an reachtaíocht, tá cosc ar chaitheamh tobac laistigh d’fhoirgneamh na scoile/an choláiste/an ionaid.
12.Caithfidh iomlán táillí a bheith in éineacht leis an chlárúchán agus caithfear an t-íocaíocht a bheith déanta le seic nó le hairgead tirim.
13.Tá gach mac léinn freagrach as a bheith eolach ar ábhar an chúrsa atá roghnaithe acu.
14.Líonfar na cúrsaí ar bhunús tús freastail ar an cheann is túisce.
15.Corruair, de bharr cúinsí nach bhfuil aon neart againn orthu,  bíonn sé riachtanach rang a chur ar ceal ar bheagán fógra. Déan cinnte go dtugann tú uimhir teileafóin nuair atá tú ag clárú sa dóigh go mbeadh oiread laghdú agus is féidir déanta ar dheacrachtaí duit.
16.Maidir le daoine atá i dteideal lagdhú €35 de tháillí cúrsa an téarma, ní féidir leo clárú le CGO Dhún na nGall ach ar chúrsa amháin ag an táille lagdaithe don téarma. Caithfear fianaise shásúil don laghdú a chur ar fáil.

   

2. An Clár Iar-Ardteistiméireachta (CIAT)  

 

Cad é atá i gceist sa Chlár CIAT? 

Is clár lánaimseartha i ngairmullmhúchán agus i ngairmoiliúint atá sa chlár CIAT a thugann deis do dhaoine óga agus do dhaoine fásta an bearna sin idir scoil agus baile a dhruid. Reáchtálann an clár ar feadh bliain amháin nó ar feadh dhá bhliain, ag brath ar an chúrsa,  agus ofráiltear gairmoiliúint ar leith maraon le forbairt na scileanna ginearálta atá de dhíth i gcomhair gach uile sórt poist.     

 

Cé a thig cur isteach ar Chlár CIAT?

Tá Clár CIAT oscailte do dhaoine óga agus do dhaoine fásta a bhfuil cáilíochtaí bainte amach acu san Ardteistiméireachta, i nGairmchlár na hArdteistiméireachta nó san Ardteisiméireacht Fheidhmeach. Cuirfear fáilte fosta roimh iarratais ó dhaoine fásta gan aon cháilíochtaí.  

 

Cad iad na cúrsaí CIAT atá ar fáil?

Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil inár gcuid scoileanna/coláistí dara leibhéal.    

 

Cé mhéad a chosnóidh cúrsa CIAT?

Tá na cúrsaí CIAT saor in aisce ach d’fhéadfadh táillí scrúduithe a bheith i gceist.  

  

Bhfaighidh mé íocaíocht le linn dom a bheith ag freastal ar chúrsa CIAT?

Ní bhfaighidh, ach d’fhéadfadh deontais chothabhála a bheith ar fáil do chúrsaí incháilthe CIAT, faoi réir ag sásamh téarmaí agus coinníollacha.  Fosta, d’fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a choinneáil faoin Liúntas um Filleadh ar Oideachas.      

 

3. Cáilíochtaí agus Deimhniúchán  

 

Céard é Frámaíocht Náisiúnta na gCáilíochtaí?

Is creat d’iomlán na gcáilíochtaí in Éirinn at sa Fhrámaíocht Náisiúnta na gCáiliochtaí. Is struchtúr é ina bhfuil deich leibhéal.  Tá réimse caighdeán agus eolais, scileanna agus iniúlachta leagtha síos do gach leibhéal. Sainmhíníonn na caighdeáin seo na nithe atá le foghlaim chun dámhachtainí a ghnóthú ag gach leibhéal.      

  

Céard é Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC)?

Is é seo foras naisiúnta a bunaíodh faoi Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann chun bailíocht agus deimhniúchán a dhéanamh ar chláir bhreisoideachais agus chun caighdeáin a leagan síos agus a chothabháil do na cúrsaí breisoideachais go léir.      Clúdaíonn dámhachtainí FETAC leibhéil 1-6 i bhFrámaíocht Náisiúnta na gCáilíochtaí. Tugann an fhrámaíocht seo soiléireacht don earnáil breisoideachais agus oiliúna agus simplíonn sé comparáid agus tuiscint i ndáil leis na dámhachtainí difriúla atá ar fáil.   Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar FETAC ag an suíomh gréasáin www.fetac.ie.    

 

Cad é Modúl FETAC?

Tá modúl amhail le ráiteas faoin chaighdeán atá le baint amach ar mhaithe le dámhachtain FETAC a ghnóthú.  Tugtar creidiúint ar son gach modúl a chuirtear i gcrích go rathúil.  Is féidir modúil le CGO Dhún na nGall a ghlacadh ag leibhéil 1-5.  Bronntar taifead gnóthachtála ar iarrthóirí a n-éiríonn leo i modúl amháin nó níos mó.  Is féidir creidiúintí modúil a charnadh thar thréimhse ama.    

  

Céard é Teastas FETAC?

Tig teastais a ghlacadh ag leibhéil 1-5 le CGO Dhún na nGall.  Bíonn 8 modúl le déanamh do gach teastas.  Faigh i dteagmháil le heagraí do chúrsa faoi choinne tuilleadh eolais ar chláir faoi leith. 

  

Céard é Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC)?

Is é HETAC an foras cáiliúcháin do institiúidí oideachais agus oiliúna tríú leibhéal lasmuigh de na hollscoileanna, seachas Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus seasann sé ag leibéil  6-10 ar Fhrámaíocht Náisiúnta na gCáilíochtaí.     

 

  

4. Deiseanna Forchéimnithe    

 

Chuaigh mórán daoine a bhí rannpháirteach i gcláracha le CGO Dhún na nGall ar aghaidh chuig breisoideachas, oiliúint agus fostaíocht.  Is féidir forchéimniú a dhéanamh laistigh de leibhéil  1-5 le CGO Dhún na nGall.  Mar shampla, tá Leibhéil Fetac 1-3 á dtairiscint sa chlár Foghlaim don Saol.  Má fhaigheann duine amach FETAC Leibhéal 3 ar an Chlár Foghlaim don Saol, beidh sé/sí in ann dul ar aghaidh chuig clár Filleadh ar Oideachas nó cuig Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais ag Leibhéal 4 nó 5.     Is féidir leo siúd a bhaineann amach creidiniú ag Leibhéal 5 dul ar aghaidh chuig na hInstitiúidí Teicnelaíochta áitiúla i Leitir Ceanainn agus Sligeach nó chuig Institiúidí Ardoideachais eile a bhuí don Scéim um Naisc Ardoideachais (HELS – féach thíos). Fosta, d’fhéadfá deiseanna a bheith ann dul ar aghaidh chuig Breisoideachas i dTuaisceart Éireann.     Dá mba mhaith leat do chuid roghanna do dhul chun cinn a phlé faoi rún, labhair leis an Treoirsheibhís d’Aosaigh nó le comhordaitheoir do chláir.       

   

Scéim um Naisc Ardoideachais (HELS)

Déanann an Scéim um Naisc Ardoideachais éascú ar aistriú mac léinn, a bhfuil Teastas FETAC Leibhéal II bainte amach acu, chuig Coláistí Tríú Leibhéal ar fud na tíre.  Faoin Scéim seo, tá tuairim is 2000 áit ar fáil i mbreis agus 250 coláiste.  Tá an t-aistriú seo bunaithe go hiomlán ar thorthaí do Chúrsa FETAC.  

  • Institiúidí Ardoideachais atá rannpháirteach:
  • Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain
  • Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir
  • Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach
  • Institiúid Teicneolaíochta Chorcaigh
  • Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
  • Institiúid Teicneolaíochta an Gaillimhe-Maigh Eo
  • Foras Forbartha Tuaithe agus Gnó Thiobraid Árann
  • Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
  • Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
  • Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh
  • Coláiste Náisiúnta an hÉireann
  • Institiúid Teicneolaíochta Shligigh
  • Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta
  • Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí
  • Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
  • Ollscoil Náisiúnta an hÉireann, Corcaigh
  • Coláiste Phádraig, Ceatharlach

5. Cláir Breisoideachais agus Oideachas Aosach  

  

Cliceáil anseo faoi choinne tuilleadh eolais 

       

 

6. Clair Scoile/Coláiste  

 

Cliceáil anseo faoi choinne tuilleadh eolais 

 
< Roimhe